Acmhainn lainseáilte i mBaile Átha Cliath ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D.

Uirlis teagaisc agus foghlama Izak 9 as Gaeilge maoinithe ag Foras na Gaeilge

Tá acmhainn nua don oideachas trí Ghaeilge, a fheabhsaíonn rannpháirtíocht leanaí sa mhatamaitic, lainseáilte go hoifigiúil ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D.

 

Tá Izak9 – 27 gciúb ildaite atá le húsáid ó rang a trí go dtí an dara bliain – ceangailte leis an iomad ábhair tacaíocht ar líne le smaointeoireacht, cruthaitheacht agus idirghníomhaíocht a bhaineann leis an matamaitic a spreagadh agus, ag an am céanna, muinín a mhéadú maidir le huimhreacha agus ríomh. Dearadh é go príomha le cuidiú le haistriú daltaí idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil agus tá ráchairt air i measc daltaí, múinteoirí agus gairmithe oideachais.

 

Tá Izak9 á úsáid i mbeagnach 1,000 scoil ar oileán na hÉireann.

 

Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge ligeann ábhar tacaíochta úrnua Izak9 do leanaí spraoi a bheith acu agus iad ag foghlaim mata trí Ghaeilge.

 

Lainseáil an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh go hoifigiúil inniu Izak9 as Gaeilge i Scoil Neasáin, Gaelscoil i mBaile Hearmann, tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

 

Arsa an tAire McHugh: “Tá mé iontach sásta Izak9 as Gaeilge a lainseáil go hoifigiúil inniu. Ba mhaith liom tréaslú le Franz Schlindwein, lena fhoireann ag Qubizm, agus Foras na Gaeilge, as acmhainn teagaisc agus foghlama mhata a chur ar fáil a éascaíonn foghlaim ghníomhach trí Ghaeilge.

 

“Tá mo thuras féin leis an Ghaeilge ar an taifead agus tá mé ag iarraidh níos mó agus níos mó acmhainní a fheiceáil, agus déanann smaointe nuálacha mar seo, a chuireann an teanga chun cinn, í níos ábhartha agus ceanglaíonn sé ár dteanga le gnéithe eile den churaclam.”

 

“Tá lúcháir orm chomh maith a chluinstin go bhfuil an obair atá déanta ag foireann Izak9 ar an oideachas chomhroinnte, go háirithe i gceantair cois teorann, le cuid scoileanna i nDún na nGall ag baint tairbhe as ceardlanna.”

 

Arsa Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge:

 

“Tá lúcháir orainn maoiniú a chur ar fáil le hábhar Gaeilge Izak9 a fhorbairt. Is cinnte go gcuirfidh an acmhainn le teagasc an mhata trí Ghaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fud an oileáin agus ligfidh sé do gach scoil a ndaltaí a dhéanamh páirteach san fhoghlaim ghníomhach.

 

“Tacaíonn acmhainní cosúil le Izak9 go hiomlán le straitéisí uimhearthachta agus litearthachta ó thuaidh agus ó dheas. Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil an acmhainn mhatamaitice nuálach seo ar fáil anois do gach scoil in earnáil na Gaelscolaíochta.”

Arsa Franz Schlindwein, cruthaitheoir Izak9: “Lá tábhachtach is e

a é seo dár bhfoireann mar tá ár sprioc bainte amach, is é sin timpeallacht foghlama comhroinnte Izak9 a chur ar fáil do gach dalta in Éirinn. Is mó i bhfad ná leagan Gaeilge de Izak9 is ea Izak9 as Gaeilge – is acmhainn úrnua é lena thaisce féin d’ábhar tacaíochta.

 

“Táimid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as a dtacaíocht fhial leis an ábhar fairsing tacaíochta Gaeilge a chur ar fáil do gach úsáideoir Izak9. Is mór an onóir dúinn gur féidir l

eis an Aire McHugh a bheith inár gcuideachta sa cheiliúradh seo, atá á óstáil go caoin ag Scoil Neasáin.

 

Arsa Deirble Nic Conghamhna, príomhoide i Scoil Neasáin, a chuir forrán ar Qubizm in 2016 maidir le Izak9 a chur ar fáil i nGaeilge:

 

“Táimid an-tógtha leis an gcoincheap agus leis an bhféidearth

acht a bhí ag Izak9 d’fhorbairt theanga na matamaitice, scileanna a bhaineann le réiteach faidhbe agus deiseanna don obair ghrúpa. Bhí na hacmhainní ar líne ar fheabhas, ach ba i mBéarla amháin a bhí siad ar fáil ag an am, rud a d’fhág ár leanaí faoi mhíbhuntáiste. 

 

“Is féidir le leanaí inár scoileanna tairbhe a bhaint as an acmhainn, eispéireas a fháil inti agus idirghníomhú léi, i dteanga theagaisc na scoile, rud a fheabhsaíonn eispéireas iomlán an fhoghlaimeora agus a éascaíonn na deiseanna teagaisc sa seomra ranga.”